Vacancies
we are hiring!

Aistritheoirí / Fotheidealóirí á Lorg
Is mian le Europus cur le foireann aistritheoirí agus fotheidealóirí an chomhlachta.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ar na poist a bheidh lonnaithe in oifig an chomhlachta ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Conradh bliana a bheidh i gceist ar dtús ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse sin ina dhiaidh sin.
Riachtanach:
- Sárscileanna Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha
- Sárscileanna ríomhaireachta
- Sárscileanna eagrúcháin, cumarsáide agus in ann oibriú as a stuaim féin
- An cumas tascanna a bhainistiú
- Scileanna bainistíochta ama
Inmhianaithe:
- Céim onóracha i nGaeilge
- Taithí aistriúcháin
- Taithí phrofléitheoireachta
- Taithí ar bhogearraí aistriúcháin
- Eolas ar an gCaighdeán Oifigiúil
- Séala an Aistritheora
Oiliúint:
Cuirfear oiliúint teanga agus ríomhaireachta ar fáil.
Pá:
Íocfar pá de réir taithí agus cumais.
Próiseas Iarratais:
Seol litir iarratais mar aon le CV chuig isadora@europus.ie faoin 5pm Dé Máirt an 25 Deireadh Fómhair 2022.
Déanfar gearrliosta d’iarrthóirí a ghlaofar chun agallaimh agus scrúdú.
Need more information?
Get in touch! Send us an email or give us a call.

About Us
Europus is an award-winning Gaeltacht-based Irish language translation company specialising in the delivery of high-quality, high-level Irish language services to many government departments, local authorities, the European Institutes, national media and educational institutions.
Our office hours are 09.00-05.00 Monday to Friday and a member of staff is always available to liaise with clients and to carry out ad-hoc translations.
contact
Designed By Quinnee.com , © 2022, Europus