Training Courses

ARD-DIOPLÓMA i nGAEILGE FHEIDHMEACH AGUS AISTRIÚCHÁN 2023 – 2024

Eolas Ginearálta

TRÉIMHSE

Deireadh Fómhair 2023 – Aibreán 2024

IONAD

Europus, An Cheathrú Rua

LÍON MAC LÉINN

10-12

DÁTA DEIRIDH A nGLACFAR LE hIARRATAIS

Oscailte

Forléargas
Cúrsa lánaimseartha 6 mhí ar an gCeathrú Rua i gConamara á reáchtáil ag Europus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

Is cúrsa ardghairmiúil 6 mhí (Deireadh Fómhair-Aibreán) é an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a reáchtáiltear ar an gCeathrú Rua i gConamara. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla anseo in Éirinn nó in Institiúidí na hEorpa nó ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. Cuirtear oiliúint ar mhic léinn i ngach réimse den aistriúchán agus de chruinneas teanga. Tá modúil ar leith sa chúrsa atá dírithe ar ghnéithe eile de thionscal na teanga.

Féach leagan amach an chúrsa:

Na Modúil

  1. Cruinneas na Gaeilge (15 chreidiúint)
  2. Scil an Aistriúcháin (15 chreidiúint)
  3. Aistriúchán Scripteanna (10 creidiúint)
  4. Teicneolaíocht an Aistriúcháin (5 chreidiúint)
  5. Craoltóireacht (5 chreidiúint)
  6. Teoiric an Aistriúcháin (5 chreidiúint)
  7. Taithí Oibre (5 chreidiúint)

Ranganna

Is in Ionad Europus ar an gCeathrú Rua a reáchtáiltear an cúrsa. Bíonn ranganna foirmiúla teagaisc ar siúl ón 10.00am go 1.00 pm ó Luan go hAoine chomh maith le cleachtadh a bheith le déanamh sna tráthnónta.

Riachtanais Iontrála

Glactar le hiarratais ó chéimithe a bhfuil onóracha i nGaeilge acu, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil céim in ábhar eile acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí sin ach a léiríonn i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla acu. Is ar bhonn agallaimh agus scrúdú scríofa a roghnaítear daoine incháilithe.

Táille

Is le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta a reáchtáiltear an cúrsa. Níl aon táille i gceist.

Lóistín

Is faoi mhic léinn atá sé a lóistín féin a eagrú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Ard-Dioplóma seol
ríomhphost chuig sinead@europus.ie

Féach: https://www .gmit.ie/higher-diploma-in-arts-in-
gaeilge-fheidhmeach-agus-aistriuchan

Deiseanna Fostaíochta

Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla, lánstádas oifigiúil oibre a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, tá mórdheiseanna nua fostaíochta ann do dhaoine a bhfuil ardscileanna Gaeilge acu. Tá tóir ar chéimithe an Ard-Dioplóma sa Státseirbhís, in eagraíochtaí Gaeilge, sna meáin chumarsáide agus sa tionscal closamhairc agus níos faide ó bhaile in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

About Us

Europus is an award-winning Gaeltacht-based Irish language translation company specialising in the delivery of high-quality, high-level Irish language services to many government departments, local authorities, the European Institutes, national media and educational institutions.

Our office hours are 09.00-05.00 Monday to Friday and a member of staff is always available to liaise with clients and to carry out ad-hoc translations.

contact

+353 91 595492

eolas@europus.ie

An Cheathrú Rua, Co. Galway, Ireland, H91 XK3E

Designed By Quinnee.com , © 2022, Europus