Mon-Fri  9.00 AM - 5.00 PM - \\\\ - PHONE : +353 91 595492 - //// - URGENT QUERIES : eolas@europus.ie

Maidir Linn


Cé muid féin


Bunaíodh Europus i 1996. Fuair bunaitheoir Europus, Áine Ní Chonghaile, a cuid oiliúna i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais áit a raibh sí ag obair ina haistritheoir dlí ar feadh breis is 10 mbliana. Thosaigh Sinéad Ní Ráinne ag obair leis an gcomhlacht nuair a bunaíodh é i 1996 agus d’oibrigh i réimsí éagsúla sa chomhlacht ó shin.

Tá 8 fostaithe go lánaimseartha ag Europus. Tá céim onóracha Gaeilge ag ár bhfostaithe ar fad agus ní mór dóibh scrúdú scríofa agus agallamh a dhéanamh sula gceaptar iad. Tá an chéim MSc san Aistriúchán ag an gcuid is mó dár gcuid aistritheoirí. Cuireann Europus dian-oiliúint ar aistritheoirí agus ar fhotheidealóirí agus bíonn orthu freastal ar Dhioplóma Iarchéime Europus san Aistriúchán, cáilíocht a bhfuil creidiúnú aici ó HETAC.

Tá séala creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge bainte amach ag aistritheoirí Europus ar fad.

Close (esc)

Popup

Use this popup to embed a mailing list sign up form. Alternatively use it as a simple call to action with a link to a product or a page.

Age verification

By clicking enter you are verifying that you are old enough to consume alcohol.

Shopping Cart

Your cart is currently empty.
Shop now