Folúntais
Cartlannaí á Lorg
Tá Europus ag lorg duine díograiseach chun tabhairt faoi chláir Drámaíochta, Siamsaíochta agus Spóirt TG4 a chartlannú. Obair chruinn ó thaobh teanga agus sonraí a chlárú a bheidh i gceist. Togra bliana atá i gceist ar dtús agus beidh an té a cheapfar fostaithe ag Europus agus lonnaithe i gceannáras TG4, Baile na hAbhann, D’fhéadfaí fad a chur leis an téarma fostaíochta níos faide amach.
Cuirfear oiliúint chuí idir phróisis agus theicneolaíocht ar fáil.
Fáilteofar roimh iarratais ó:
- Chéimithe Gaeilge a bhfuil scileanna teicneolaíochta acu
- Chéimithe Teicneolaíochta a bhfuil cruinneas i scríobh agus i labhairt na Gaeilge acu
- Chainteoirí cruinne ó dhúchas ar céimithe iad agus scileanna teicneolaíochta acu
Beidh buntáiste ag an té a bhfuil tuiscint agus cleachtadh aige nó aici ar obair sna meáin chumarsáide agus ar spéis leo cúrsaí drámaíochta, siamsaíochta agus spóirt.
Seol iarratas mar aon le CV chuig: eolas@europus.ie
Europus
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
Teil: 091 595492
Dé Céadaoin an 12 Feabhra an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.