Aistriúchán
Seirbhísí Europus
AISTRIÚCHÁN
Soláthraíonn Europus réimse leathan seirbhísí aistriúcháin ó aistriúcháin dlí/reachtaíochta go preasráitis, agus scripteanna teilifíse. Ar ár bpríomhchliaint tá comhlachtaí poiblí agus oifigiúla a fhilleann chugainn arís agus arís eile chun aistriúchán a dhéanamh ar thuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise, cairt custaiméirí srl. Cuireann Europus aistriúchán comhuaineach Gaeilge/Béarla ar fáil do chruinnithe, sa chúirt agus ag imeachtaí eile.
Soláthraíonn Europus seirbhísí aistriúcháin d'fhormhór na Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí chomh maith le roinnt cuideachtaí príobháideacha.
Is féidir a bheith cinnte de rúndacht agus de shlándáil nuair a bhítear ag obair le Europus. Is féidir liosta cuimsitheach a fháil de chomhlachtaí agus de phearsanra ar féidir teagmháil a dhéanamh leo maidir le caighdeán ár gcuid táirgí agus ár gcuid seirbhísí ach sin a iarraidh.