Luan-Aoine 9.00 AM - 5.00 PM - \\\\ - FÓN : +353 91 595492 - //// - FIOSRUITHE PRÁINNEACHA : eolas@europus.ie

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

FAQ

  CAD A CHOSNAÍONN SEIRBHÍS AISTRIÚCHÁIN?

De réir an fhocail a ghearrtar táille ar aistriúchán. Bíonn táillí éagsúla i gceist ag brath ar chastacht agus ábhar na cáipéise. Gearrtar gnáthráta ar ghnáthábhar mar tuarascálacha agus comhfhreagras agus táille níos airde i gcás ábhar níos teicniúla nó níos casta mar ábhar dlí.

Faigheann cliaint Europus luach a gcuid airgid i gcónaí mar go gcuirimidne dhá sheirbhís ar fáil ar aon phraghas amháin – seirbhís aistriúcháin agus seirbhís phrofléitheoireachta. Sa chás go mbíonn ábhar le foilsiú, bímid breá sásta súil sciobtha a chaitheamh air arís nuair a bhíonn sé leagtha amach ag na foilsitheoirí lena chinntiú nach bhfuil aon ní as cor.

Chun meastachán a fháil, seol an t-ábhar agus do chuid sonraí teagmhála chuig  eolas@europus.ie  agus seolfaimid meastachán agus sprioc láithreach.

 

CÉN tACHAR A GHLACANN SÉ AISTRIÚCHÁN A SHOLÁTHAR?

Geallann Europus seirbhís ghairmiúil ar ardcháilíocht a chur ar fáil laistigh den sprioc-am a aontaítear leis an gcliant. Bíonn teagmháil sheasta ag Europus leis an gcliant le cumarsáid a chinntiú agus lena chinntiú don chliant go ndéanfar an t-ábhar a éilítear a sheachadadh. Táimid an-chúramach nach loicimid ar aon chliant.

De bharr go bhfuil foireann aistritheoirí Gaeilge in-tí againn tá an cumas againn aistriúcháin a chur ar fáil láithreach laistigh de sprioc-amanna an-chúng (ie 200-1000 focal laistigh de 3 uair an chloig ar a mhéid).

Is iad na huaire oifige atá againn ná 9.00-5.00pm Luan-Aoine agus bíonn ball den fhoireann/aistritheoir sinsearach ar fáil i gcónaí i gcás tascanna práinne nó chun ceisteanna práinne a phlé. Labhraíonn cliaint go rialta ar an bhfón linn má bhíonn ábhar práinne lasmuigh d’uaire oifige i gceist.

Má tharlaíonn sé go gcaitear ábhar a sheachadadh le linn deireadh seachtaine nó deireanach sa lá déantar na socruithe cuí leis sin a dhéanamh.

Close (esc)

Popup

Use this popup to embed a mailing list sign up form. Alternatively use it as a simple call to action with a link to a product or a page.

Age verification

By clicking enter you are verifying that you are old enough to consume alcohol.

Shopping Cart

Your cart is currently empty.
Shop now