MAIDIR LINN
CÉ MUID FÉIN
Bunaíodh Europus i 1996. Fuair bunaitheoir Europus, Áine Ní Chonghaile, a cuid oiliúna i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais áit a raibh sí ag obair ina haistritheoir dlí ar feadh breis is 10 mbliana. Thosaigh Sinéad Ní Ráinne ag obair leis an gcomhlacht nuair a bunaíodh é i 1996 agus d’oibrigh i réimsí éagsúla sa chomhlacht ó shin.
Tá 8 fostaithe go lánaimseartha ag Europus. Tá céim onóracha Gaeilge ag ár bhfostaithe ar fad agus ní mór dóibh scrúdú scríofa agus agallamh a dhéanamh sula gceaptar iad. Tá an chéim MSc san Aistriúchán ag an gcuid is mó dár gcuid aistritheoirí. Cuireann Europus dian-oiliúint ar aistritheoirí agus ar fhotheidealóirí agus bíonn orthu freastal ar Dhioplóma Iarchéime Europus san Aistriúchán, cáilíocht a bhfuil creidiúnú aici ó HETAC. Tá séala creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge bainte amach ag aistritheoirí Europus ar fad.