
Ag cur seirbhísí aistriúcháin Gaeilge ar fáil do ranna Rialtais agus Stáit le breis is 25 bliain

Ag cur seirbhísí fotheidealóireachta ar fáil do TG4, RTÉ agus d’earnáil na teilifíse le breis is 20 bliain
CINNTE DE RÚNDACHT AGUS DE SHLÁNDÁIL

AISTRIÚCHÁN
CUIR SCÉALA CHUGAINN
Soláthraíonn Europus réimse leathan aistriúcháin ó aistriúcháin dlí/reachtaíochta go preasráitis agus scripteanna teilifíse.

COMHAIRLEOIREACHT TEANGA
CUIR EOLAS ORAINN
Soláthraíonn Europus comhairle ó thaobh teanga do chuid mhaith comhlachtaí stáit agus poiblí. Is é Europus comhairleoir teanga TG4, RTÉ, Roinn an Taoisigh, Coláiste na Tríonóide agus go leor eile.

FOTHEIDIL
CUIR SCÉALA CHUGAINN
Soláthraímid fotheidil oscailte agus dhúnta ar réimse clár ó chláir spóirt, faisnéise agus siamsaíochta ar fud gach seanrá chomh maith le fotheidil do na bodhair.

CÚRSAÍ OILIÚNA
TUILLEADH EOLAIS
Eagraíonn Europus cúrsaí oiliúna i gcomhar le GMIT, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
IARR MEASTACHÁN
An bhfuil suim agat inár gcuid seirbhísí? Má tá, déan teagmháil linn inniu chun meastachán a fháil.
Teistiméireachtaí

Tá Europus ag soláthar seirbhísí éagsúla teanga, aistriúchán Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge ina measc, do TG4 ó bunaíodh an cainéal i 1996. Cuireann Europus seirbhís aistriúcháin ardchaighdeáin ar fáil dúinn i gcónaí le stuaim agus le snas, go gairmiúil agus de réir an amchláir agus an chostais aontaithe. Tá a chumas léirithe aige dúinn go rialta ar raon leathan ábhar: tuairiscí, tuarascálacha, cuntais, cáipéisí poiblíochta, eolas faoin gclársceideal agus téarmaíocht earnála. Ní lúide a fheabhas mar sholáthraí seirbhíse go bhfáiltíonn sé roimh aischothú agus go bhfuil fáil air i gcónaí chun aon ghné den obair a dhéanann sé a phlé. Mholfainn an comhlacht seo d’aon eagras a bheadh ar thóir seirbhíse ardchaighdeáin”.
PÁDHRAIC Ó CIARDHA
Leas-Cheannasaí TG4
“Fágann an réimse oibre a bhíonn ar bun againn in RTÉ go mbíonn fairsinge leathan d'obair aistriúcháin agus phrofála le láimhseáil, idir ábhar corparáideach, ábhar craolta agus ábhar ar líne. Bíonn brú ama i gceist freisin, níos minice ná a mhalairt, ach tá a fhios againn, nuair atá muid ag obair le Europus, go mbeidh toradh cruinn, gasta ar an obair sin.”
RÓNÁN MAC CON IOMAIRE
Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ
“Tá obair déanta ag Europus dúinn ar roinnt tograí agus b’iontach iad le bheith ag obair in éineacht leo. Mar is gnáth, bíonn brú ama i gcónaí i gceist le fotheidil agus aistriúchán. Bhíomar thar a bheith sásta leis an obair agus beimid muid ag dul ar ais chucu amach anseo”.
RORY LORTON
Wildfire Films
MAR ATÁIMID IN ANN CABHRÚ LEATSA
AN EARNÁIL PHOIBLÍ
Cuirimid seirbhís ghairmiúil faoi rún ar fáil do réimse leathan comhlachtaí san earnáil phoiblí – Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla, comhlachtaí fo-stáit agus institiúidí na hEorpa ina measc. Má tá ceanglas ort faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, glaoigh orainn.
COMHLACHTAÍ CORPARÁIDEACHA
Tá Europus ag cur seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe ar fáil le breis is scór bliain. Oibrímid le comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta léiriúchán chun freastal ar a gcuid riachtanas teanga agus fotheidealaithe. An mian leat margaíocht a dhéanamh ar do chomhlacht trí Ghaeilge? An bhfuil seirbhís fotheidealóireachta ag teastáil uait? Déan teagmháil linn.
OIDEACHAS
Oibrímid go dlúth le hinstitiúidí oideachais, idir institiúidí teicneolaíochta agus ollscoileanna chomh maith le scoileanna bunoideachais agus iar-bhunoideachais, a mbeadh seirbhísí aistriúcháin nó comhairleoireachta uathu.
IARRATAIS AONUAIRE
An bhfuil iarratas aonuaire agat ar aistriúchán nó fotheidil? An bhfuil ceist ghramadaí nó comhairle uait? An bhfuil maoiniú faighte agat ó Údarás Craolacháin na hÉireann do chlár? Cuir tuairisc faoinár gcuid seirbhísí fotheidealóireachta. Is cuma an iarratas mór nó beag é, cuideoidh Europus leat agus fáilte.