enga
+353 91 595492 9AM-5PM Luan-Aoine eolas@europus.ie | Fiosruithe Práinneacha: sinead@europus.ie
enga
+353 91 595492 9AM-5PM Luan-Aoine eolas@europus.ie | Fiosruithe Práinneacha: sinead@europus.ie

 

Tá Europus ag lorg daoine díograiseacha chun tabhairt faoi chláir Drámaíochta, Siamsaíochta agus Spóirt TG4 a chartlannú.
Obair chruinn ó thaobh teanga agus sonraí a chlárú a bheidh i gceist.
Togra bliana atá i gceist ar dtús agus beidh an té a cheapfar fostaithe ag Europus agus lonnaithe i gceannáras TG4, Baile na hAbhann.
D’fhéadfaí fad a chur leis an téarma fostaíochta níos faide amach.
Cuirfear oiliúint chuí idir phróisis agus theicneolaíocht ar fáil.

Fáilteofar roimh iarratais ó:
– Céimithe Gaeilge a bhfuil scileanna teicneolaíochta acu
– Céimithe Teicneolaíochta a bhfuil cruinneas i scríobh agus i labhairt na Gaeilge acu
– Cainteoirí cruinne ó dhúchas ar céimithe iad agus scileanna teicneolaíochta acu

Beidh buntáiste ag an té a bhfuil tuiscint agus cleachtadh aige nó aici ar obair sna meáin chumarsáide
agus ar spéis leo cúrsaí drámaíochta, siamsaíochta agus spórt.

Seol iarratas mar aon le CV chuig:
Europus, An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
Teil: 091 595492 | eolas@europus.ie

Dé hAoine an 30 Lúnasa an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

About the author

With a BA in Irish and Economics from UCD and Postgraduate Diploma in Translation and MSc. in Applied Translation – Sinéad has been with the company since its establishment in 1996. She is a Tutor on the Postgraduate Diploma and MSc. Course, and holds the Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí from Foras na Gaeilge. As part of her ongoing dedication to providing high quality services for clients, she is currently undertaking an MLitt in the Irish Language with NUIG on a part-time basis. As Managing Director, she maintains overall responsibility for clients.

Leave a Reply